A Mhuire Mháthair,
'Sé seo mo ghuí
Go maire Íosa
Go deo’ nar gcroí
Ave Maria, mo ghrá Ave,
Is tusa mo mháthair is máthair Dé
A Mhuire Mháthair,
I rith mo shaoil
Bí liom mar dhídean
ar gach aon bhaol
Ave Maria, mo ghrá Ave,
Is tusa mo mháthair is máthair Dé
A Mhuire Mháthair
‘tá lán de ghrás
Go raibh tú taobh liom
Ar uair mo bháis
Ave Maria, mo ghrá Ave,
Is tusa mo mháthair is máthair Dé